sóda
aráin
cuid
a haon
Is
glantóir maiṫ é an sóda aráin. Tá sé éasca go leor a úsáid,
uile-úsáideaċ ⁊ nádúrṫa. B'ḟéidir naċ ḃfuil sé coṁ
sciobṫa ⁊ coṁ éasca a úsáid i gcomparáid leis na ceimiceáin
láidire atá le fáil, aċ táim cinnte faoi rud aṁáin, tá sé i
ḃfad níos fearr ná gan é! I ḃfad níos fearr.
Is féidir le taos a ḃeiṫ déanta as. Measc an taos leis an
ḋóṫain uisce ionnas go ndéanaí sé taos naċ ḃfuil ró-ḟluiċ
nó ró-ṫirim. Níos fearr arís má ṁeascann tú an sóda le
fínéagar. Ná bí faitíos ort má ḟeiceann tú súilíní ag teaċt
ar an sóda aráin nuair atá an beirt acu meascṫa le ċéile, mar
is aigéad é an fínéagar!
Cuir
an taos ar an áḃair salaċ (pota m.ṡ.) agus fág air más gá
leis. Sciúr an pota srl. le pillín sciúradh más féidir.
Raḃaḋ!
Bí
cúramaċ nuair atá tú ag sciúraḋ spúnóg m.ṡ. Le pillín
sciúraḋ dá mbéaḋ sé déanta as cruaċ ḋosmálta nó dá
mbeaḋ maisiúċán air.
Aucun commentaire:
Enregistrer un commentaire