Naoṁ Ḃailintín
Tá
ar a laġad trí naoiṁ darḃ ainm Ḃailintín. Tá siad go léir
ina mairtíriġ agus tá a lá ḟeile ar an lá céanna, an 14ú
de Ḟeaḃra!
Ḃí
ceann acu ina ṡagart sa Róiṁ agus ceann eile mar easpag de
Interamna (Terni inniu). Is cosúil go ḃfuair siad bás sa dara
leaṫ den tríú haois. Ḃí an beirt acu curṫa ar an tSlí
Flamíneaċ, aċ ag áiteanna difrúla. Sa 12ú, ḃí Geata Naoimh
Ḃailintín sa Róiṁ ḃí an Geata Flamíneaċ air roiṁe sin ⁊
anois tá Porta del Popolo air.
Ḃí séipéal beag coisricṫe do Naoṁ Ḃailintín gearr leis.
Níl a ḟios ag aon duine faoin tríú Naoṁ Ḃailitín seaċas go
ḃfuair sé bás i dteanta roinnt comrádaiṫe.
Is
an ċéad Naoṁ Ḃailintín, an sagart sa Róiṁ, atá naoṁ an
ġrá.
Ḃí
sé gafa de ḃarr ag pósaḋ lánúineaċa, go mór mór saiġdúiraí,
mar ḃí pósaḋ mídleaṫaċ ag an am mar ċeap an impire
Cládius II gur ṫroid fir óga
níos fearr nuair naċ raiḃ siad pósta! B'ḟuaṫ le Naoṁ Ḃailintín an dlí áiriṫe seo. Ḃí sé gafa de ḃarr
ag cuidiú ⁊ ag taḃairt tacaíoċt do ċríostaiṫe a ḃí ag
fulaingt de ḃarr géarleanúint an ama freisin. Rinne sé iarraċt
an impire a aṫrú go Caitliceaċas. Dá ḃarr, ḃí sé buailte le
cloċa agus maidí. Nuair nár éiriġ leo é a ṁarú mar sin,
díċeannaḋ siad é timpeall na blianna 270 A.D.
Deirtear
gur leiġisaiġ sé súile iníon an saiḋleoira roiṁ bás an
naoiṁ. Deirtear freisin go mbíoḋ Naoṁ Ḃailintín ag teagasc
iníon an saiḋleoira mar ṫug an saiḋleoir faoi deara gur
fear léinnta a ḃí ann. Tá 14ú d'Ḟeaḃra mar lá ḟeile Naoṁ
Ḃailṁintín go hoifigúil ó 496 A.D.!
Aucun commentaire:
Enregistrer un commentaire