Cuardaigh

25/03/2012

Roinnt scéalta le Pádraic Ó Conaire


Is iad seo na seaċt scéalta atá le fáil sa leaḃar "Seaċt mbuaiḋ an eirġe-amaċ"

  • ceóltóirí
  • dioġaltas
  • beirt ḃan misneaṁail
  • anam an easbuic
  • bé an tsiopa seandaċta
  • rún an ḟir ṁóir
  • m'ḟile caol duḃ

Tá "Seaċt mbuaiḋ an eirġe-amaċ" (1918) le fáil anseo.

01/03/2012

Focal speisialta na seachtaine

biaḃóg
purgóid na manaċ

biabhóg
purgóid na manach


Naċ ḃfuil sé beagnaċ dóċreidte go ḃfuil trí ḟocal ar rúbarb!
Bíonn an t-ainm purgóid na manaċ in úsáid i gCúige Muṁan.



14/02/2012

 Naoṁ Ḃailintín
Tá ar a laġad trí naoiṁ darḃ ainm Ḃailintín. Tá siad go léir ina mairtíriġ agus tá a lá ḟeile ar an lá céanna, an 14ú de Ḟeaḃra!
Ḃí ceann acu ina ṡagart sa Róiṁ agus ceann eile mar easpag de Interamna (Terni inniu). Is cosúil go ḃfuair siad bás sa dara leaṫ den tríú haois. Ḃí an beirt acu curṫa ar an tSlí Flamíneaċ, aċ ag áiteanna difrúla. Sa 12ú, ḃí Geata Naoimh Ḃailintín sa Róiṁ ḃí an Geata Flamíneaċ air roiṁe sin ⁊ anois tá Porta del Popolo air. Ḃí séipéal beag coisricṫe do Naoṁ Ḃailintín gearr leis. Níl a ḟios ag aon duine faoin tríú Naoṁ Ḃailitín seaċas go ḃfuair sé bás i dteanta roinnt comrádaiṫe.
Is an ċéad Naoṁ Ḃailintín, an sagart sa Róiṁ, atá naoṁ an ġrá.
Ḃí sé gafa de ḃarr ag pósaḋ lánúineaċa, go mór mór saiġdúiraí, mar ḃí pósaḋ mídleaṫaċ ag an am mar ċeap an impire Cládius II gur ṫroid fir óga níos fearr nuair naċ raiḃ siad pósta! B'ḟuaṫ le Naoṁ Ḃailintín an dlí áiriṫe seo. Ḃí sé gafa de ḃarr ag cuidiú ⁊ ag taḃairt tacaíoċt do ċríostaiṫe a ḃí ag fulaingt de ḃarr géarleanúint an ama freisin. Rinne sé iarraċt an impire a aṫrú go Caitliceaċas. Dá ḃarr, ḃí sé buailte le cloċa agus maidí. Nuair nár éiriġ leo é a ṁarú mar sin, díċeannaḋ siad é timpeall na blianna 270 A.D.
Deirtear gur leiġisaiġ sé súile iníon an saiḋleoira roiṁ bás an naoiṁ. Deirtear freisin go mbíoḋ Naoṁ Ḃailintín ag teagasc iníon an saiḋleoira mar ṫug an saiḋleoir faoi deara gur fear léinnta a ḃí ann. Tá 14ú d'Ḟeaḃra mar lá ḟeile Naoṁ Ḃailṁintín go hoifigúil ó 496 A.D.!

08/02/2012

Focal speisialta na seaċtaine

aṁarag

amharag

Má tá tú bréan ag rá an focal mustard, sin focal níos gaelaí duit!
(Ceapim gur Lakeshore agus dalky mustard na coṁlaċtaí aṁáin atá ag déaneaṁ aṁarag in Éirinn.)

01/02/2012

Focal speisialta na seaċtaine

Focal speisialta na seaċtaine.
 
líreacán
 líreacán
 
Milseán ar ċipín! 
 
 Foclóir Gaeilge-Béarla; Niall Ó Dónall.