Cuardaigh

27/01/2012

Sóda aráin, cuid a haon


sóda aráin
cuid a haon

Is glantóir maiṫ é an sóda aráin. Tá sé éasca go leor a úsáid, uile-úsáideaċ ⁊ nádúrṫa. B'ḟéidir naċ ḃfuil sé coṁ sciobṫa ⁊ coṁ éasca a úsáid i gcomparáid leis na ceimiceáin láidire atá le fáil, aċ táim cinnte faoi rud aṁáin, tá sé i ḃfad níos fearr ná gan é! I ḃfad níos fearr.
Is féidir le taos a ḃeiṫ déanta as. Measc an taos leis an ḋóṫain uisce ionnas go ndéanaí sé taos naċ ḃfuil ró-ḟluiċ nó ró-ṫirim. Níos fearr arís má ṁeascann tú an sóda le fínéagar. Ná bí faitíos ort má ḟeiceann tú súilíní ag teaċt ar an sóda aráin nuair atá an beirt acu meascṫa le ċéile, mar is aigéad é an fínéagar!
Cuir an taos ar an áḃair salaċ (pota m.ṡ.) agus fág air más gá leis. Sciúr an pota srl. le pillín sciúradh más féidir.
Raḃaḋ!
Bí cúramaċ nuair atá tú ag sciúraḋ spúnóg m.ṡ. Le pillín sciúraḋ dá mbéaḋ sé déanta as cruaċ ḋosmálta nó dá mbeaḋ maisiúċán air.